The Teaching Council has sent you this email. To ensure you don't miss future email updates, please add teachingcouncil@circulator.ie to your email address book or safe list. If this email does not display properly, you can click here to view it in your web browser »
A chara,

Is iomaí múinteoir a úsáideann na meáin shóisialta agus an chumarsáid leictreonach chun a gcleachtas seomra ranga a fheabhsú, nuair a chuireann siad uirlisí nua i láthair a gcuid daltaí agus scoláirí, féachaint leis an gcuraclam a sheachadadh ar bhealaí nuálacha tarraingteacha. Tugann an chumarsáid leictreonach agus na meáin shóisialta bealaí nua do mhúinteoirí chun a bheith i dteagmháil lena gcuid daltaí agus scoláirí, lena gcomhghleacaithe agus leis an bpobal.

Agus é sin mar atá, tá treoir á lainseáil ag an gComhairle Mhúinteoireachta a bhfuil d’aidhm léi cuidiú le múinteoirí a bhaineann leas as cumarsáid leictreonach agus meáin shóisialta. Féachann an treoir le tacaíocht a thabhairt do mhúinteoirí chun go leanfaidh siad de bheith ag déanamh an úsáid is fearr is féidir d’uirlisí cumarsáide leictreonaí agus meán sóisialta. Is é atá i gceist againn go bhfeidhmeoidh sí mar mheabhrúchán áisiúil i gcásanna áirithe, agus go músclófar tuiscint i gcásanna eile ar úsáid iomchuí na meán sóisialta agus na cumarsáide leictreonaí.

Eagraíodh próiseas comhairliúcháin forleathan agus lorgaíodh aighneachtaí, agus eisíodh dréacht-Threoir lena linn chuig gach múinteoir ar an gclár a raibh seoladh ríomhphoist ina s(h)eilbh. Rud eile de, bhí na príomh-gheallsealbhóirí uile, Ceardchumainn na Múinteoirí, Comhlachtaí Bainistíochta agus Comhairlí na dTuismitheoirí san áireamh, rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin idir Nollaig 2018 agus Meán Fómhair 2019.

Cliceáil anseo chun ‘Treoir do Mhúinteoirí Cláraithe maidir le Meáin Shóisialta agus Cumarsáid Leictreonach a úsáid’ a léamh.
© 2021 The Teaching Council Block A, Maynooth Business Campus, Maynooth, Co. Kildare, Ireland | W23 Y7X0 | e: info@teachingcouncil.ie | w: www.teachingcouncil.ie
Powered by Circulator
| Unsubscribe »